Fómhar 2022 (Meán Fómhair, Deireadh Fómhair, agus mí na Samhna)
Te, fliuch agus gaofar
Lean Fómhar 2022 ar aghaidh le séasúir níos teo ná an meán, bhí sé ar an séú séasúr as a chéile inar thaifead gach stáisiún sionoptach meánteocht os cionn an mheáin. Bhí sé an-fhliuch freisin agus bhí an fómhar is fliche ar taifead i roinnt áiteanna. Loig lagbhrú in iarthar agus iardheisceart na hÉireann ba mhó a raibh tionchair acu ar an aimsir le linn an chuid is mó den fhómhar. Bhí sé seo fíor go háirithe don chéad tseachtain de Mheán Fómhair, don dara leath de Dheireadh Fómhair agus an chuid is mó de mhí na Samhna. Le linn na dtréimhsí seo, bhí an méid báistí a chaith sé i bhfad os cionn an mheáin, dírithe san Oirthear i rith mhí Meán Fómhair, go forleathan i rith mhí Dheireadh Fómhair agus san Iardheisceart i rith mhí na Samhna. Den chuid is mó, bhí an aershreabh idir a bheith aneas agus aniar, ag teacht ón Aigéan Atlantach Thuaidh a bhí níos teo ná an meán, rud a choinnigh an teocht os cionn an mheáin den chuid is mó. Séasúr measartha gaofar a bhí ann ar an iomlán, gan aon tionchar díreach ag aon stoirmeacha ainmnithe air. Bhí gníomhaíocht stoirme thoirní ann go minic i rith an fhómhair, go háirithe i Lár Tíre ar an 8 Meán Fómhair, san Oirthear ar an 19 Deireadh Fómhair agus sa Deisceart agus Iardheisceart go minic.
Titim Báistí: Os cionn an mheáin i mbeagnach gach áit, ba é an tIardheisceart an ceantar ba fhliche
Bhí na hiomláin bháistí go léir os cionn a Mheánleibhéil Fhadtéarmaigh 1981-2010 (MLFT) don séasúr. Bhí an céatadán de luachanna titime báistí séasúracha sa raon ó 95% (titim báistí shéasúrach de 350.0mm san iomlán) ag Finnúir, Co Dhún na nGall go 180% (titim báistí shéasúrach 538.1mm san iomlán) ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí. Bhí na hiomláin bháistí séasúracha sa raon ó 271.7 mm (126% dá MLFT) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath go 786.5 mm (167% dá MLFT) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí (an fómhar is fliche ar taifead (fad taifead 81 bliain)). Ba é an t-iomlán báistí laethúil ab airde ná 54.9 mm ag Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí ar an Domhnach 16 Deireadh Fómhair (an luach laethúil is airde don fhómhar ó 1995). Ba é líon na laethanta báistí ná 53 lá ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath go 78 lá ag Finnúir, Co. Dhún na nGall. Ba é líon na laethanta fliucha ná 41 lá ag Aerfort Bhaile Átha Cliath go 69 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Ba é líon na laethanta an-fhliuch ná 7 lá ag Páirc an Fhionnuisce agus Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath araon go 35 lá ag Réadlann Dairbhre, Co. Chiarraí. In éineacht le Dairbhre bhí an fómhar is fliche ar taifead ag seacht stáisiún eile. Is iad seo Baile an Phaghanaigh, Co Cheatharlach le 399.8 mm (161% dá MLFT), Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe le 484.0 (119% dá MLFT), Cloch Liath, Co. Chorcaí le 538.1 (180% dá MLFT), Béal Átha hÉis, Co Chabhán le 459.1 mm (164% dá MLFT), Goirtín, Co Thiobraid Árann le 373.4 mm (139% dá MLFT), Cluain Creamha, Co Ros Comáin le 390.8 mm (133% dá MLFT) agus Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí le 598.6 mm (170% dá MLFT) (réimse fad taifead idir 8 agus 60 bliain).
Teocht: Os cionn an mheáin i ngach áit don séú séasúr as a chéile
Bhí meánteocht an aeir ar fud na tíre os cionn an MLFT don séasúr. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir don séasúr idir 0.8 °C (10.8 °C meánteocht) ag Marcréidh, Co. Shligigh go 1.5 °C (11.7 °C meánteocht) ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí meánteocht an tséasúir idir 10.2 °C (1.2 °C os cionn a MLFT) ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co Mhaigh Eo agus 13.1 °C (1.1 °C os cionn a MLFT) ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí (an fómhar is teo ó 2007). Taifeadadh na teochtaí is ísle sa séasúr ar an Satharn 19 Samhain agus tuairiscíodh an t-íosmhéid aeir is ísle i mBaile Átha an Rí, Co na Gaillimhe le teocht -1.8 °C agus an t-íosmhéid féir is ísle a tuairiscíodh ag Cluain Creamha, Co Ros Comáin le -6.5 °C. Tuairiscíodh an teocht is airde ar an Déardaoin 1 Meán Fómhair ag Baile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo le teocht de 22.7 °C. Thuairiscigh níos mó ná leath na stáisiún sioc talún. Bá é líon na laethanta le sioc talún ná lá ar bith i gCionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall go 29 lá ag Cluain Creamha, Co Ros Comáin. Thuairiscigh níos lú ná leath de na stáisiúin sioc aeir. Bhí líon na laethanta le sioc aeir idir náid lá ag cúpla stáisiún agus 7 lá ag Cluain Creamha, Ros Comáin. Bhí an fómhar ba theo ó 2007 freisin i Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Bhí an fómhar ba theo ag Aerfort Chorcaí ó 2001 agus bhí an fómhar ba theo ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman ó 2006. Bhí an fómhar ba theo ar taifead ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí (fad 19 bliain).
Taitneamh na Gréine: Taitneamh gréine ba ghrianmhar san Oirthear
Bhí iomláin an taitnimh gréine ar fad a bhí ar fáil os cionn an MLFT don séasúr. Bhí céatadán na luachanna gréine séasúracha idir 103% (taitneamh gréine séasúrach iomlán de 277.8 uair an chloig san iomlán) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 114% (taitneamh gréine ba airde den tséasúr de 333.0 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí na hiomláin taitnimh gréine is ísle ag Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo ag 252.7 uair an chloig (níl comparáid MLFT ar fáil*). Ba é an líon ab airde uaireanta gréine laethúla a taifeadadh an séasúr seo ná 12.3 uair an chloig ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall ar an Satharn 10 Meán Fómhair. Bhí líon na laethanta gruama idir 17 lá ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus 27 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí.
Gaoth: Tuairiscíodh gálaí láidre i ngach ceann de na trí mhí, tuairiscíodh gaotha fórsa stoirme i mí na Samhna
Bhí meánluasanna séasúracha gaoithe sa raon ó 6.2 muirmhíle (11.5 km/u) ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí go 16.4 muirmhíle (30.4 km/u) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe (na meánghaotha is láidre san fhómhar ó 2011). Bhí go leor laethanta ann le gálaí agus gálaí láidre le suas le gaotha fórsa stoirme ar an gCéadaoin 23 Samhain. Bhí líon na laethanta le gaoth suas le gálaí láidre idir náid lá ag cúpla stáisiún agus 5 lá ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Ba é líon na laethanta le gaotha fórsa stoirme ná lá amháin ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Tuairiscíodh an séideán gaotha is airde sa séasúr ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí ar an 24 Samhain le 65 muirmhíle (120 km/u). Ba é an meánluas gaoithe 10-nóiméad ab airde sa séasúr ná 48 muirmhíle (89 km/u) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe ar an gCéadaoin 23 Samhain. In éineacht le Ceann Mhása bhí an mheánghaoth is láidre ag deich stáisiún eile don fhómhar ó 2011. Bhí an mheánghaoth is láidre ar taifead ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí don fhómhar (fad 19 mbliana).
Tá an tuarascáil iomlán ar fáil anseo (roghnaigh an Fómhar ar an roghchlár anuas don mhí) nó tá PDF ar fáil anseo
Samhain 2022
Cineálta, grianmhar agus gaofar. Fliuch i bhformhór na n-áiteanna, go háirithe san Iardheisceart
Mí chineálta agus ghaofar a bhí i mí na Samhna 2022, smachtaithe ag córais ísealbhrú an Atlantaigh in iarthar na hÉireann agus an aershreabh idir aneas agus aniar aneas de chuid is mó. Stiúir an socrú seo go leor aermhaiseanna muirí trópaiceacha ar fud na tíre i rith na míosa, agus aimsir chineálta agus báistí an chuid is mó de na laethanta mar gheall air. Chuaigh go leor frontaí aimsire gníomhacha trasna na tíre ó aneas agus aniar aneas, le tréimhsí múraíl eatarthu. Ba é an toradh a bhí air seo ná gur thit an chuid is mó den bháisteach sna contaetha ar aghaidh na gaoithe, sa Deisceart agus san Iarthar. Sa chéad tseachtain bhí frontaí aimsire gníomhacha nó múraíl troma toirní go laethúil san Iardheisceart. Bhí frontaí aimsire gníomhacha ar fud na tíre ar fad ag amanna, go háirithe ar an 2ú agus 7ú lá, le grian agus múraíl ar na laethanta eile. D’éalaigh Oirthear na tíre le báisteach éadrom den chuid is mó. Lean an téama céanna ar aghaidh den chuid eile den mhí, le frontaí loig ag tabhairt báisteach fhorleathan, go háirithe ar an 13ú, 21ú, 23ú agus 24ú, measctha le tréimhsí gréine agus múraíl. Bhí an bháisteach níos troime agus níos leanúnaí sa Deisceart agus san Iarthar, cé gur éalaigh an tOirthear le titim báistí níos éadroime. D’éirigh sé níos tirime i dtreo dheireadh na míosa de réir mar a tháinig ardbhrú os cionn Críoch Lochlann agus thosaigh sé ag brú i dtreo an iarthair.
Titim Báistí: Os cionn an mheáin i bhformhór na n-áiteanna, an aimsir is fliche san Iardheisceart
Bhí an chuid is mó de na hiomláin mhíosúla báistí os cionn a Mheánleibhéil Fhadtéarmaigh (MLFT) 1981-2010. Ba é céatadán na luachanna báistí míosúla ná 61% (an t-iomlán báistí míosúil de 46.4 mm) ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath go 210% (an t-iomlán báistí míosúil b’airde de 354.8 mm) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí (an dara Samhain ba fhliche ar taifead agus ba fhliche ó 2009, le 360.3 mm ann). Bhí na hiomláin bháistí míosúla ab ísle ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath le 46.1 mm (63% dá MLFT). Chomh maith leis sin, taifeadadh an lá is fliche den mhí ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí 34.8 mm ar an gCéadaoin 2ú. Ba é líon na laethanta báistí ná idir 18 lá ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus 30 lá ag roinnt stáisiún eile. Bhí líon na laethanta fliucha idir 12 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath agus 29 lá ag cúpla stáisiún eile. Ba é líon na laethanta an-fhliuch ná lá ar bith ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath chomh maith le hAeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath go 16 lá ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí. Chomh maith le Dairbhre, bhí an tSamhain ba fhliche ag ceithre stáisiún eile ó 2009 i leith. Ba iad sin ná An Chloch Liath, Co. Chorcaí le 167.8 mm (159% dá MLFT), Inis Arcáin, Co. Chorcaí le 185.7 mm (154% dá MLFT), Aerfort Chorcaí, Co. Chorcaí le 203.4 mm (169% dá MLFT) agus Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe le 183.9 mm (121% dá MLFT).
Teocht: Os cionn an mheáin i ngach áit
Bhí meánteocht an aeir ar fud na tíre os cionn an MLFT don mhí. Bhí athruithe ó mheánteocht an aeir idir 0.6 °C (meánteocht 8.0 °C) ag Marcréidh, Co. Shligigh agus 1.9 °C (9.1 °C meánteocht) ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí meánteocht don mhí idir 7.4 °C (1.2 °C os cionn a MLFT) ag Aerfort Chnoc Mhuire, Co. Mhaigh Eo agus 10.7 °C (1.1 °C os cionn a MLFT) ag Inis Arcáin, Co. Chorcaí. Taifeadadh na teochtaí ab ísle sa mhí ar an Satharn 19ú agus tuairiscíodh an t-íosmhéid aeir ab ísle i mBaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe le teocht -1.8 °C agus an t-íosmhéid féir ab ísle a tuairiscíodh ag Cluain Chreamha, Co. Ros Comáin le -6.5 °C. Tuairiscíodh an t-uasmhéid ab airde ar an Domhnach 13ú ag Fionnúir, Co Dhún na nGall le teocht 17.6 °C (an t-uasmhéid is airde riamh do mhí na Samhna (fad 25 bliain)). Thuairiscigh níos mó ná leath na stáisiún sioc talún. Ba é líon na laethanta le sioc talún ná lá ar bith ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall go 14 lá ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath. Thuairiscigh níos lú ná leath de na stáisiúin sioc aeir. Bhí líon na laethanta le sioc aeir idir náid lá ag cúpla stáisiún agus 5 lá ag Cluain Creamha, Ros Comáin. Bhí an tSamhain ba theo ag seacht stáisiún ó 2011 i leith. Bhris cheithre stáisiún déag a dtaifead íosteochta laethúil ab airde do mhí na Samhna ar an Aoine 11ú, le taifead nua íosteochta laethúil is airde d’Éirinn i mí na Samhna de 14.9 °C a taifeadadh ag Aerfort na Sionnainne, Co. an Chláir.
Taitneamh na Gréine: Grianmhar i bhformhór na n-áiteanna
Bhí gach iomlán taitnimh gréine atá ar fáil os cionn a MLFT. Bhí céatadán na luachanna míosúla gréine idir 121% (iomlán míosúil taitnimh gréine de 71.6 uair an chloig) ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir agus 133% (iomlán míosúil taitnimh gréine de 87.2 uair an chloig) ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath. Mhéadaigh iomláin mhíosúla na gréine ó 42.9 uair (gan aon chomparáid MLFT*) ag Réadlann Dhairbhre, Co. Chiarraí go 88.7 uair (gan aon chomparáid MLFT*) ag an Goirtín, Co. Thiobraid Árann. Ba é 7.5 uair an chloig ag Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman ar an Aoine 18ú, an líon ab airde uaireanta a chloig de thaitneamh gréine laethúla a taifeadadh an mhí seo. Bhí líon na laethanta dorcha idir 5 lá ag Aeradróm Mhic Easmainn, Co. Bhaile Átha Cliath agus 12 lá ag Aerfort na Sionainne, Co. an Chláir. Bhí Samhain ghrianmhar ag Cionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall le 76.2 uair a chloig rud a bhí neamhghnách.
Gaoth: Tuairiscíodh é a bheith gaofar le gaotha fórsaí stoirme
Bhí meánluasanna míosúla gaoithe sa raon ó 6.7 muirmhíle (12.4 km/u) ag an gCloch Liath, Co. Chorcaí, agus Cluain Chreamha, Co. Ros Comáin go 19.8 muirmhíle (36.7 km/u) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Tuairiscíodh gálaí ar 13 lá le gálaí láidre ar an 2ú, 7ú, 10ú, 11ú, 22ú, 23ú, 24ú agus 26ú. Bhí meánluasanna gaotha a bhí ina fórsa gála ar an gCéadaoin 23ú ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Bhí líon na laethanta le gálaí idir lá ar bith ag cúpla stáisiún go 11 lá i gCeann Mhása, Co na Gaillimhe. Bhí líon na laethanta le gaoth suas le gálaí láidre idir náid lá ag cúpla stáisiún agus 4 lá ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Ba é líon na laethanta le gaotha fórsa stoirme ná lá amháin ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe. Tuairiscíodh an séideán gaotha ab airde ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí ar an Déardaoin 24ú le 65 muirmhíle (120 km/u). Ba é an meánluas gaoithe 10-nóiméad ab airde sa mhí ná 48 muirmhíle (89 km/u) ag Ceann Mhása, Co. na Gaillimhe ar an gCéadaoin 23ú.
Tá an tuairisc iomlán ar fáil anseo
Mí na Samhna le cúpla bliain anuas in Éirinn:
- 2016: Thuairiscigh beagnach gach stáisiún faoi bhun an Mheáin Fhadtéarmaigh (MLFT) le haghaidh báistí agus bhí na stáisiúin go léir a tuairiscíodh faoi bhun a MLFT maidir le teocht agus luachanna gréine athraitheach.
- 2017: Bhí báisteach faoi bhun an mheáin ag formhór na stáisiúin, bhí an mheánteocht aeir faoi bhun an mheáin den chuid is mó freisin agus bhí iomláin ghréine os cionn an mheáin.
- 2018: Bhí báisteach agus an mheánteocht os cionn an mheáin den chuid is mó. Iomláin ghréine os cionn an mheáin sa Tuaisceart agus san Iarthar, faoi bhun an mheáin sa deisceart agus san oirthear. Thug Stoirm Diana gálaí láidir go dtí an Deisceart agus an tIarthar.
- 2019: Bhí formhór na n-iomlán báistí míosúla os cionn a MLFT, bhí an mheánteocht aeir faoi bhun gach áit. Bhí iomláin na gréine measctha, dorcha san Oirthear agus sa Tuaisceart.
- 2020: Bhí báisteach os cionn an mheáin i bhformhór na n-áiteanna, san Iarthar agus an tIarthuaisceart ab airde, agus bhí an teocht os cionn an mheáin i ngach áit. Bhí iomláin na gréine os cionn an mheáin sa Deisceart agus san Oirthear.
- 2021: Bhí formhór na n-iomlán báistí míosúla faoi bhun a MLFT, bhí an mheánteocht aeir go léir os cionn an mheáin i ngach áit. Bhí sé grianmhar sa Deisceart, dorcha sa Tuaisceart agus san Iarthuaisceart. Thug Stoirm Arwen gaotha fórsa stoirme ar an 26ú.