Roghnaigh Stáisiún Breathnadóireachta Aimsire ach cliceáil ar cheann de na naisc thíos:
Bhaile Átha an Rí
Tá SUA Bhaile Átha an Rí suite ar thailte Teagasc, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, agus suiteáladh é sa bhliain 2010. Ó 1944 go dtí 1975 bhí léamha laethúla báistí á dtaifeadadh ag Baile Átha an Rí.
Faoi láthair, seo a leanas na paraiméadair atá á dtaifeadadh ag an stáisiún:
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Ithreach
- Teochtaí Domhanda
- Teochtaí Féir
- Báisteach
- Luas agus Treo na Gaoithe
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
- Radaíocht Dhomhanda
Suíomh
53°17‘21” T
08°47’08’’ I
40 m os cionn mheánleibhéal na mara
Bhéal Átha hÉis
Tá SUA Bhéal Átha hÉis suite ar thailte Teagasc, Béal Átha hÉis, Co. an Chabháin, agus suiteáladh é sa bhliain 2003. Cuireadh an stáisiún seo ar bun in ionad an stáisiúin shionoptaigh a dúnadh ag Cluain Eois, Co. Mhuineacháin sa bhliain 2008. Bhíodh stáisiún aeráide le foireann suite ar thailte an choláiste idir 1932 agus 2005 agus taifeadadh tomhais laethúla ann sa tréimhse sin.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Ithreach
- Teochtaí Domhanda
- Teochtaí Féir
- Báisteach
- Luas agus Treo na Gaoithe
- Brú an Atmaisféir
- Airde agus Méid na Scamall
- Aimsir Láithreach
Suíomh
54°03‘05” T
07°18’35’’ I
78m os cionn mheánleibhéal na mara
Bhéal an Mhuirthead
Osclaíodh an stáisiún seo i mí Mheán Fómhair 1956. Cuireadh é ar bun in ionad an stáisiúin ag Teach Solais an Fhóid Dhuibh, 10 míle siar ó dheas uaidh, a bhíodh faoi cheannas theaghlach Sweeney. Is ag an bhFód Dubh a rinneadh an bhreathnóireacht ar ar bunaíodh dáta theacht i dtír D-Day i mí an Mheithimh 1944. Samhlaítear tábhacht ar leith leis an stáisiún seo de bharr a shuímh ar imeall thiar na hEorpa. Sa bhliain 2012 suiteáladh SUA in ionad an stáisiúin le foireann a bhíodh ar an suíomh céanna.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Ithreach
- Teochtaí Domhanda
- Teochtaí Féir
- Báisteach
- Luas agus Treo na Gaoithe
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
- Radaíocht Dhomhanda
- Airde agus Méid na Scamall
- Aimsir Láithreach
Suíomh
54°13‘39” T
10°00’25’’ I
9 m os cionn mheánleibhéal na mara
Pháirc na Darach
Tá SUA Pháirc na Darach suite ar thailte Teagasc, Páirc na Darach, Co Cheatharlach. Suiteáladh an SUA sa bhliain 2003 in ionad an stáisiúin aeráide le foireann a bhíodh ann áit ar taifeadadh léamha laethúla ó bhí 1957 ann.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Ithreach
- Teochtaí Domhanda
- Teocht Féir
- Báisteach
- Luas agus Treo na Gaoithe
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
- Radaíocht Dhomhanda
- Airde agus Méid na Scamall
- Aimsir Láithreach
Suíomh
52°51‘40” T
06°54’55’’ I
62 m os cionn mheánleibhéal na mara
Chlár Chlainne Mhuiris
Tá stáisiún meitéareolaíochta Chlár Chlainne Mhuiris suite tuairim is 2 Km ó dheas ó lár an bhaile.
Osclaíodh an stáisiún an 9 Samhain 1943 agus bhí sé ina stáisiún sionoptach le foireann. Sa bhliain 1996 bunaíodh stáisiún uathoibríoch AGL in ionad an stáisiúin le foireann. Dúnadh an stáisiún ag Clár Chlainne Mhuiris an 1 Samhain 2010 agus suiteáladh Stáisiún Uathoibríoch Aimsire TUSCON* ina ionad ag an suíomh céanna an 1 Eanáir, 2010.
*TUSCON (Total unified climatological and synoptic observation network)
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Ithreach
- Teochtaí Domhanda
- Teochtaí Féir
- Báisteach
- Luas agus Treo na Gaoithe
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
- Radaíocht Dhomhanda
- Airde agus Méid na Scamall
- Aimsir Láithreach
Suíomh
53°42’39” T
8°59’33” I
68 M os cionn mheánleibhéal na mara
Dhún Samhnaí
Tá an SUA suite ar thailte Teagasc, Grange, Boycetown, Co. na Mí. Rinneadh an stáisiún atá ann anois a choimisiúnú sa bhliain 2006 agus bunaíodh é in ionad an stáisiúin aeráide le foireann a suiteáladh sa bhliain 1963.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Ithreach
- Teochtaí Domhanda
- Teochtaí Féir
- Báisteach
- Luas agus Treo na Gaoithe
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
Suíomh
53°30‘57” T
06°39’36’’ I
83 m os cionn mheánleibhéal na mara
Mhainstir Fhear Maí, Páirc an Mhúraigh
Tá an SUA Pháirc an Mhúraigh suite ar thailte Teagasc, Páirc an Mhúraigh, Co. Chorcaí agus suiteáladh é sa bhliain 2003. Bunaíodh é in ionad an stáisiúin le foireann a bhíodh ar an suíomh ón mbliain 1961.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Ithreach
- Teochtaí Domhanda
- Teochtaí Féir
- Báisteach
- Luas agus Treo na Gaoithe
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
- Radaíocht Dhomhanda
Suíomh
52°09‘50” T
08°15’50’’ I
46 m os cionn mheánleibhéal na mara
Fhionnúir
Suiteáladh an stáisiún uathoibríoch aimsire (SUA) atá ann faoi láthair ar champa an airm, Fionnúir, Béal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall an 1 Samhain 2010. Bunaíodh é in ionad SUA áit a raibh tomhais á nglacadh ó mhí Aibreáin 1996.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Féir
- Báisteach
- Luas agus Treo na Gaoithe
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
- Radaíocht Dhomhanda
- Airde agus Méid na Scamall
- Aimsir Láithreach
Suíomh
54°29‘38” T
08°14’35’’ I
33 m os cionn mheánleibhéal na mara
An Ghoirtín
Osclaíodh SUA an Ghoirtín ar thailte Choláiste Talmhaíochta an Ghoirtín, Co. Thiobraid Árann i mí Aibreáin 2008. Osclaíodh an stáisiún seo in ionad an stáisiúin shionoptaigh i mBiorra a dúnadh go hoifigiúil an 1 Eanáir 2009.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
-
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Ithreach
- Teochtaí Domhanda
- Teocht Féir
- Báisteach
- Luas agus Treo na Gaoithe
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
- Radaíocht Dhomhanda
- Airde agus Méid na Scamall
- Aimsir Láithreach
Suíomh
53°03‘11” T
08°00’31’’ I
75 m os cionn mheánleibhéal na mara
Chaisleán Bhaile Sheáin
Tá SUA Chaisleán Bhaile Sheáin suite ar thailte Teagasc, Caisleán Bhaile Sheáin, Co. Loch Garman. Suiteáladh SUA sa bhliain 2003 in ionad stáisiúin le foireann a bhíodh ann ag glacadh tomhas ó bhí 1914 ann. Mar thoradh ar fhorbairtí antrapaigineacha a raibh tionchar acu ar nochtadh an SUA bogadh é chuig suíomh nua ar thailte Teagasc sa bhliain 2009.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
-
-
-
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Ithreach
- Teochtaí Domhanda
- Teocht Féir
- Báisteach
- Luas agus Treo na Gaoithe
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
- Radaíocht Dhomhanda
- Airde agus Méid na Scamall
- Aimsir Láithreach
-
-
Suíomh
52°17‘52” T
06°29’48’’ I
62 m os cionn mheánleibhéal na mara
Cheann Mhása
Tá an SUA ag Ceann Mhása suite ar thailte OÉ, Gaillimh, in ionad taighde cóngarach do Charna, Co. na Gaillimhe. Suiteáladh an stáisiún sa bhliain 2003.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
-
-
-
- Teocht an Aeir
- Treo agus Luas na Gaoithe
- Báisteach
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
- Radaíocht Dhomhanda
- Airde agus Méid na Scamall
- Aimsir Láithreach
-
-
Suíomh
53°19‘33” T
09°54’03’’ I
21 m os cionn mheánleibhéal na mara
Chionn Mhálanna
Tá stáisiún sionoptach aimsire Chionn Mhálanna suite ag an bpointe is faide ó thuaidh ar oileán na hÉireann, ag barr leithinis Inis Eoghain i gContae Dhún na nGall. Is é Carn Domhnach an baile is cóngaraí, atá 19Km theas thiar theas ón stáisiún.
Tógadh na foirgnimh atá ann faoi láthair sa bhliain 1955, tráth ar thosaigh foireann Sheirbhís Mheitéareolaíochta na hÉireann ag déanamh breathnóireachtaí gach uair an chloig. Téann taifid an stáisiúin siar chomh fada leis an mbliain 1885, ámh. Ba iad an fhoireann a bhí fostaithe le Lloyd’s Insurance Company, a bhí i bhfeighil an stáisiúin comharthaíochta ar an gcósta a chéad-ullmhaigh tuarascálacha aimsire ar bhonn rialta agus a rinne na torthaí a tharchur. Lean oifigigh gharda an chósta den obair ina dhiaidh sin go dtí an fichidí luatha. Ó na 1920í go dtí 1955 d’oibrigh teaghlach áitiúil, ar bhonn conartha, chun sonraí aeráide a chur ar fáil agus eisíodh ar a laghad tuairisc amháin aimsire gach lá.
An ghné aimsire is mó a idirdhealaíonn Cionn Mhálanna ó stáisiúin eile ar fud na tíre ná luas na gaoithe. Beagnach gach bliain bíonn gaotha fórsa stoirme taifeadta ag an stáisiún. An luas is gasta ar taifead ná 98 muirmhíle, a taifeadadh an 16 Meán Fómhair 1961 tráth a raibh deireadh “Hairicín Debbie” ag scuabadh feadh chósta thiar na hÉireann áit a ndearnadh a lán damáiste don chuid sin den tír.
Dúnadh an stáisiún aimsire le foireann ag Cionn Mhálanna go hoifigiúil an 31 Nollaig 2009 agus osclaíodh Stáisiún Uathoibríoch Aimsire ag an suíomh céanna ina ionad an 1 Eanáir 2010.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
-
-
-
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Ithreach
- Teochtaí Domhanda
- Báisteach
- Treo agus Luas na Gaoithe
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
- Radaíocht Dhomhanda
- Airde agus Méid na Scamall
- Aimsir Láithreach
-
-
Suíomh
55°22’20” T
7°20’20” I
22 m os cionn mheánleibhéal na mara
Chaisleán Mharcréidh
Soláthraítear sonraí cáilíochta rialaithe gach nóiméad ó bhí 20 Lúnasa 2007 ann.
Cuireadh sonraí cáilíochta rialaithe ar fáil gach lá ó 1941 go 1998 (seanstáisiún).
Tá SUA Chaisleán Mharcréidh suite cóngarach do Chaisleán Mharcréidh, Co. Sligigh. Rinneadh an stáisiún atá ann faoi láthair a choimisiúnú sa bhliain 2005 in ionad an stáisiúin aeráide le foireann a bhíodh ann chun teocht agus báisteach a thomhas gach lá ó 1860 go 1998. Mar thoradh ar nochtadh an tsuímh ní dhéantar gaoth a thomhas ag an stáisiún.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
-
-
-
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Ithreach
- Teochtaí Domhanda
- Teocht Féir
- Báisteach
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
- Radaíocht Dhomhanda
-
-
Suíomh
54°10‘30” T
08°27’20’’ I
34 m os cionn mheánleibhéal na mara
Chluain Creamha
Tá an SUA seo suite ar thalamh a bhaineann le Bord na Móna, ó thuaidh ó Bhéal Átha Liag. Suiteáladh é i mí Mheán Fómhair 2003.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
-
-
-
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Ithreach
- Teochtaí Domhanda
- Teocht Féir
- Báisteach
- Luas agus Treo na Gaoithe
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
- Radaíocht Dhomhanda
-
-
Suíomh
53°43‘37” T
07°58’51’’ I
39 m os cionn mheánleibhéal na mara
An Mhuilinn Chearr
Tá SUA an Mhuilinn Chearr suite thiar ón Muileann gCearr, Co na hIarmhí. Rinneadh an stáisiún seo a uathoibriú sa bhliain 1998.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
-
-
-
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Ithreach
- Teochtaí Domhanda
- Teocht Féir
- Báisteach
- Luas agus Treo na Gaoithe
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
- Radaíocht Dhomhanda
- Airde agus Méid na Scamall
- Aimsir Láithreach
-
-
Suíomh
53°32‘14” T
07°21’44’’ I
101 m os cionn mheánleibhéal na mara
Bhaile Uí Fhiacháin
Tá SUA Bhaile Uí Fhiacháin (Furness) suite ar thailte ionad taighde Fhoras na Mara atá ar thaobh thiar thuaidh Bhaile Uí Fhiacháin, Co. Mhaigh Eo. Tá an stáisiún suite ar an gcuing idir Loch Fíoch (fionnuisce) agus Loch Furness (sáile). Rinneadh coimisiúnú ar an stáisiún atá ann faoi láthair i mí Eanáir 2005 in ionad an stáisiúin le foireann a bhíodh ann a chuir tomhais laethúla ar fáil agus a suiteáladh sa bhliain 1959.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
-
-
-
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Ithreach
- Teochtaí Domhanda
- Teocht Féir
- Báisteach
- Luas agus Treo na Gaoithe
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
- Radaíocht Dhomhanda
-
-
Suíomh
53°55‘20” T
09°34’20’’ I
22 m os cionn mheánleibhéal na mara
Pháirc an Fhionnuisce
Tá SUA Pháirc an Fhionnuisce suite ar thailte Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath. Suiteáladh an stáisiún atá ann faoi láthair sa bhliain 2003 agus osclaíodh sin in ionad an stáisiúin aimsire le foireann a bunaíodh sa bhliain 1829.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
-
-
-
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Ithreach
- Teochtaí Domhanda
- Teocht Féir
- Báisteach
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
- Radaíocht Dhomhanda
-
-
Suíomh
53°21‘50” T
06°20’00’’ I
48 m os cionn mheánleibhéal na mara
Rinn an Róistigh
Tá SUA Rinn an Róistigh suite ar rinn thoir theas Chuan Chorcaí. Rinneadh coimisiúnú ar an stáisiún atá ann faoi láthair sa bhliain 2004 in ionad SUA a bhíodh ann a suiteáladh sa bhliain 1991. Roimhe sin, bhí Rinn an Róistigh ina stáisiún sionoptach le foireann a rinne taifeadadh ar léamha gach uair an chloig ó bhí 1940 ann.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
-
-
-
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Ithreach
- Teochtaí Domhanda
- Teocht Féir
- Báisteach
- Luas agus Treo na Gaoithe
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
- Radaíocht Dhomhanda
- Airde agus Méid na Scamall
- Aimsir Láithreach
-
-
Suíomh
51°47‘35” T
08°14’40’’ I
43 m os cionn mheánleibhéal na mara
Inis Arcáin
Tá SUA Inis Arcáin suite ar thailte Stáisiún Mara Inis Arcáin, Co. Chorcaí. Tá an t-oileán suite tuairim is 2 Km amuigh ó shráidbhaile Dhún na Séad in Iarthar Chorcaí. Tá an stáisiún suite ar fhoirceann thiar thuaidh an oileáin agus rinneadh coimisiúnú air sa bhliain 2004. Suiteáladh stáisiún aeráide le foireann sa bhliain 1972 a rinne taifeadadh ar bháisteach agus ar theochtaí ar bhonn laethúil ó bhí 1972 ann agus tá an stáisiún sin fós ar oscailt.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
-
-
-
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Ithreach
- Teochtaí Domhanda
- Teocht Féir
- Báisteach
- Luas agus Treo na Gaoithe
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
- Radaíocht Dhomhanda
- Airde agus Méid na Scamall
- Aimsir Láithreach
-
-
Suíomh
51°28 ‘35” T
09°25’40’’ I
21 m os cionn mheánleibhéal na mara
Réadlann Dhairbhre
Is cuid de Met Éireann, Seirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann, í Réadlann Dhairbhre. Tá sí suite ciliméadair amháin ó Chathair Saidhbhín, ar inbhear abhainn Feartha. Déanann an Réadlann tomhais mheitéareolaíochta aimsire dhromchla agus aeir íochtaraigh, chomh maith le raon gníomhaíochtaí eolaíochta eile – ina measc monatóireacht ózóin, geomaighnéadaigh, seismeolaíocht, radaíocht na gréine agus monatóireacht ar an gcomhshaol. Tugtar Réadlann Dhairbhre ar an réadlann mar gurbh ar Oileán Dhairbhre a bunaíodh í.
Déantar na paraiméadair seo a leanas a thaifeadadh ag an stáisiún:
-
-
-
- Teocht an Aeir
- Teochtaí Ithreach
- Teochtaí Domhanda
- Teocht Féir
- Báisteach
- Luas agus Treo na Gaoithe
- Brú an Atmaisféir
- Bogthaise Choibhneasta
- Radaíocht Dhomhanda
- Airde agus Méid na Scamall
- Aimsir Láithreach
-
-
Suíomh
51° 56′ 23″N
10° 14’40″W
25M os cionn leibhéal na farraige