Cuirfidh Evelyn Cusack, Meitéareolaí Sinsearach agus Ceann na Roinne Réamhaisnéise ag Met Éireann, caint i láthair ‘Aimsir agus Aeráid na hÉireann: ‘A Journey Through Time’ ag IALBÁC – Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 10 Bóthar Burlington, Baile Átha Cliath Dé Céadaoin seo chugainn, an 1 Feabhra ag 7pm. Tá an t-imeacht seo saor in aisce ach ní mór do lucht freastail clárú le haghaidh ticéad roimh ré ar Eventbrite.