Ainmneacha Stoirmeacha 2024/25

Méadaíonn ainmneacha stoirmeacha ullmhacht an phobail don aimsir fhoircneach

 

29 Lúnasa 2024: D’eisigh Met Éireann, in éineacht le Seirbhísí Aimsire Náisiúnta na Ríochta Aontaithe (Oifig Met) agus an Ísiltír (KNMI), liosta na n-ainmneacha stoirme nua do shéasúr stoirme 2024/2025, a thosóidh Dé Domhnaigh 1 Meán Fómhair.

Chuir gach ceann de na trí sheirbhís mheitéareolaíochta seacht n-ainm le liosta an tséasúir seo. Tógadh na hainmneacha a chuir Met Éireann ag aghaidh ó liosta de níos mó ná 500 moladh ó pháistí bunscoile a ghlac páirt sa Phléasc Eolaíochta de chuid an BSL (Bord Soláthair an Leictreachais) i mí Feabhra seo caite.

Fíor 1 – Ainmneacha Stoirmeacha 2024/25

Fíor 1 – Ainmneacha Stoirmeacha 2024/25

Is é an liosta iomlán de 2024/25 ná Ashley, Bert, ConallDarragh, Éowyn, Floris, Gerben, HugoIzzy, James, Kayleigh, Lewis, Mavis, Naoise, Otje, Poppy, Rafi, Sayuri, Tilly, Vivienne, Wren.

(Tá na hainmneacha a roghnaigh Met Éireann i gcló trom. Níl na litreacha Q, U, X, Y, Z san áireamh, tá sé seo ag teacht le gnás ainmnithe Lárionad Náisiúnta Hairicín na SA).

 

Dúirt Eoin Sherlock, Ceann na Rannóige Réamhaisnéise i Met Éireann:

“Is í an phríomhthosaíocht atá againn ná cabhrú le beatha agus maoin a chosaint ó aimsir fhoircneach agus sábháilteacht ár bpobal a chinntiú. Bliain i ndiaidh bliana bíonn ainmniú stoirme éifeachtach chuige sin. Méadaítear leibhéal sábháilteachta agus ullmhachta an phobail nuair a ainmnítear gach stoirm mar is mó an seans go gcuimhneoidh daoine agus go nglacadh siad rabhaidh nuair a ainmnítear stoirmeacha.

Tá Éire agus an domhan mór ag fulaingt tarlú adhaimsirí níos minice agus níos déine mar thoradh ar an athrú aeráide. Feicimid cé chomh dian agus is féidir le tarlú gaoithe agus báistí dul i bhfeidhm go díreach ar shláinte, sábháilteacht agus slite beatha an phobail. Anois níos mó ná riamh, tá sé ríthábhachtach do na glúnta is óige na rioscaí seo a thuiscint ionas gur féidir leo a dtodhchaí a chosaint trí athrú sochaíoch a bhrú chun cinn agus is cruthúnas é a rannpháirtíocht i roghnú na n-ainmneacha i mbliana ar thiomantas Met Éireann tacú lena bhfeasacht ar an aimsir agus ar an aeráid.

Táimid ag dul isteach i séasúr stoirme, mar sin molaimid do dhaoine ullmhú anois don seans go dtiocfaidh aimsir chrua. Go bunúsach, “Bí Ullamh don Gheimhreadh”, mar a leagann comhairle sábháilteachta poiblí amach. Tá sé tábhachtach fanacht suas chun dáta maidir le réamhaisnéisí agus na rabhaidh is déanaí ar met.ie nó ar aip Met Éireann.”

 

Ainmnítear stoirmeacha nuair a d’fhéadfadh siad tionchair ‘measartha’ nó ‘arda’ a bheith i gceann de na trí thír chomhpháirtíochta. Cumasaíonn sé seo teachtaireachtaí comhsheasmhacha agus údarásacha don phobal agus do pháirtithe leasmhara eile le cur ar a gcumas ullmhú agus fanacht sábháilte le linn tarluithe adhaimsire.

Nuair a fhógraítear stoirm, ainmníonn an tseirbhís náisiúnta aimsire a bhíonn ag súil leis an tionchar is mó ón aimsir chrua ar a réigiún nó is mó is dócha a bheidh buailte, an stoirm. Tarlaíonn ainmniú stoirme in éineacht le rabhaidh oráiste/dearg, a d’fhéadfadh a bheith ann don ghaoth, don bháisteach nó don sneachta nó i gcás meascán dóibh seo. Éisítear na rabhaidh, dá réir sin, bunaithe ar mheascán de thairseacha uimhriúla agus na tionchair fhéideartha a mheastar.

Ó 2015 i leith, tá Met Éireann agus Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe ag obair le chéile ar an gclár ainmniúcháin agus tháinig KNMI na hÍsiltíre leo i 2019.

 

Dúirt Will Lang, Ceannaire Feasachta Staide Oifig Mheitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe: “Is í seo an deichiú bliain againn ag ainmniú stoirmeacha agus déanaimid é toisc go n-oibríonn sé. Cuidíonn ainmniúcháin stoirmeacha le scéala aimsir chrua a dhéanamh níos éasca agus cuireann sé soiléiriú ar fáil nuair a d’fhéadfadh an aimsir dul i bhfeidhm ar dhaoine. Maidir le Stoirm Babet, a thug báisteach neamhghnách go páirteanna d’oirthear na hAlban i mí Dheireadh Fómhair 2023, tugann suirbhéanna iar-imeachtaí le fios go raibh 97% de na daoine laistigh de na limistéir rabhaidh ómra agus dearg ar an eolas faoi na rabhaidh agus rinne 89% díobh beart dá bharr. I mbliana agus muid ag ceiliúradh ár 170ú breithlá, tá sé iontach a bheith in ann ómós a thabhairt dóibh siúd a raibh tionchar acu ar ár stair fhada de sheirbhísí ceannródaíochta aimsire agus eolaíochta aeráide.

Luaigh Réamhaisnéiseoir Sinsearach agus Bainisteoir Foirne KNMI Jos Diepeveen: “Cuidíonn ainmniú stoirmeacha le feasacht a ardú nuair a bhíonn aimsir chrua agus foircneach ag druidim linn. Trí ainmneacha inaitheanta, tá súil againn an oiread daoine agus is féidir a shroicheadh lenár rabhadh sula mbuaileadh an drochaimsir. D’ionchur KNMI na bliana seo, d’iarramar moltaí ar chuairteoirí ag ár seastán Aonach Tionchair. Moladh Gerben toisc gur “ainm cumhachtach” é agus mhol cuairteoir eile ainm a chailín Kayleigh toisc gurb í “solas na gréine ina dteach í”.

Ainmníonn grúpaí eile de chuid na Seirbhíse Meitéareolaíochta Náisiúnta sna SA agus san Eoraip stoirmeacha freisin. Nuair a ainmníonn aon Seirbhís Meitéareolaíochta Náisiúnta córas aimsire, coimeádann gach ceann eile an t-ainm sin. Áirítear leis seo iar-hairicíní a d’ainmnigh Lárionad Náisiúnta Hairicín na SA ar nós Charley (25 Lúnasa 1986) agus Ophelia (16 Deireadh Fómhair 2017), a raibh tionchar mór acu ar Éirinn tráth a thrasnaigh siad an tAtlantach.

 

 

 

Achoimre ar Shéasúir Stoirme atá caite

  • An séasúr seo caite 2023/24, bhí ceithre stoirm déag (14) ainmnithe a chuir isteach ar cheantair agus d’ainmnigh Grúpa Iarthar na hEorpa dhá cheann déag (12) díobh a chruthaigh Met Éireann, Oifig Mheitéareolaíochta na RA agus KNMI (ainmneacha ó litreacha A go L ó liosta 2023/24). D’ainmnigh Grúpa Iardheiscirt na hEorpa dhá stoirm eile, stoirmeacha Elisa agus Geraldine ainmnithe ag Météo France.

 

  • Bá é 2023/24 an chéad séasúr ó cuireadh tús leis an tionscnamh i 2015 inár ainmníodh stoirm “L” ó liosta Ghrúpa Iarthar na hEorpa (Lilian i mí Lúnasa 2024). Mar sin ba é 2023/24 an séasúr leis an líon is mó stoirmeacha ainmnithe in aon séasúr amháin (dhá stoirm déag (12) de réir liosta Ghrúpa Iarthar na hEorpa. (An t-aon chás eile de stoirm “L” a chuaigh i bhfeidhm ar Éirinn ná Lorenzo (Aoine 4 Deireadh Fómhair 2019), ainmnithe ag NOAA/NHC (Roinn Náisiúnta Riaracháin na nAigéan agus an Atmaisféir/Lárionad Náisiúnta Hairicín), a bhí ar an gcéad stoirm de shéasúr 2019/20).

 

  • Ba é an líon is ísle stoirmeacha ainmnithe ó cuireadh tús leis an tionscnamh ná cheithre cinn (4) i séasúr 2022/23 – Betty (ainmnithe ag Met Éireann), Antoni (ainmnithe ag Oifig Met), Noa (ainmnithe ag Météo France) agus Otto (Ainmnithe ag DMI).

 

  • Roimh shéasúr 2023/24, tharla an líon is mó stoirmeacha ainmnithe sna séasúir 2015/16 agus 2017/18, gach ceann acu le haon cheann déag (11) stoirmeacha ainmnithe.

 

  • Ó 2015/16 agus ar an meán, tá ocht (8) stoirm ainmnithe i séasúr.

 

  • Ba é séasúr 2015/2016 an séasúr leis an líon ba mhó stoirmeacha fós ag sroicheadh Fórsa Stoirme 10, tugadh faoi deara luasanna gaoithe marthanacha Fórsa Stoirme 10 ag stáisiúin chósta an Atlantaigh ar naoi gcinn de na haon stoirm déag ainmnithe.

 

  • Le linn an tséasúir seo caite 2023/24, bhí trí (3) stoirm ainmnithe le luasanna gaoithe marthanacha Fórsa Stoirme 10 nó níos airde:
  • Tugadh faoi deara luasanna gaoithe marthanacha Fórsa Stoirme 10 (meán 10-nóiméad) le linn stoirm ainmnithe Fergus (91 km/u) agus Stoirm Jocelyn (96 km/u), ag Ceann Mhása (cósta), Co na Gaillimhe ar an Domhnach 10 Nollaig 2023 agus ar an Máirt 23 Eanáir 2024 faoi seach.
  • Tugadh faoi deara luasanna gaoithe marthanacha foréigneacha Fórsa Stoirme 11 ag Ceann Mhása (cósta), Co na Gaillimhe le linn Stoirm Isha ar an Domhnach 21 Eanáir 2024. Roimhe sin, tugadh faoi deara gaotha Fórsa Stoirme Foréigneach go deireanach le linn Stoirm Eunice ar an Aoine 18 Feabhra 2022.

 

  • Níor tugadh faoi deara aon ghaoth mharthanach/meán le neart hairicín ag aon stáisiún gaoithe Met Éireann ó cuireadh tús leis an tionscnamh Ainmniú Stoirme. Tháinig Stoirm Ellen i mí Lúnasa 2020 an-ghar do ghaotha den neart seo, le 111 km/u ag Rinn an Róistigh, Co. Chorcaí. Tugadh faoi deara na gaotha le fórsa hairicín deiridh a chuaigh i bhfeidhm ar Éirinn le linn Stoirm Darwin ar an gCéadaoin 12 Feabhra 2014. Tugadh faoi deara gaotha le fórsa hairicín ag stáisiúin chósta an iarthair, go príomha i mí Eanáir (leath an ama), faoi dhó i mí na Nollag agus uair amháin i mí Feabhra, Márta agus Meán Fómhair.

Le tuilleadh eolais ar ainmneacha stoirme agus stoirmeacha san am a chuaigh thart, féach Ionad Stoirme agus Tarluithe Adhaimsire

 

Seirbhísí Rabhaidh Met Éireann – céard is gá duit fios a bheith agat air

 

Met Éireann’s weather warning icons

Fíor 2 – Deilbhíní rabhaidh aimsire Met Éireann (ó chlé go deas): Comhairleach, Rabhadh Árthach Beag, deilbhíní rabhaidh Buí, Oráiste agus Dearg do mhuir agus tír

  • Tá rabhaidh aimsire arna n-eisiúint ag Met Éireann bunaithe ar mheascán critéir uimhriúla don ghaoth, do bháisteach, don teocht, etc. agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na dálaí contúirteacha a bhfuiltear ag súil leo.
  • Tá léarscáil cluaisín 3-lá a thaispeánann gach rabhadh, a d’fhéadfaí a eisiúint suas le trí lá roimh ré le fáil ar aip agus suíomh gréasáin Met Éireann (https://www.met.ie/warnings/today). Tugann sé seo cead do chumarsáid agus tuiscint níos soiléire a fháil ar na cásanna casta aimsire a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar Éirinn, go háirithe sa gheimhreadh.
  • Tugann aip Met Éireann rogha síntiús a íoc chun brúfhógraí rabhaidh aimsire a fháil do chontae ar leith, do chontaetha roghnaithe nó do gach contae.
  • Tairgeann Met Éireann síntiús chomh maith chun rabhadh aimsire a fháil trí ríomhphost, trí https://www.met.ie/warnings/login
  • Tá rabhaidh do Thuaisceart Éireann ar leathanach ‘rabhaidh’ ar met.ie agus ar an aip freisin, aon am a eisíonn Oifig Mheitéareolaíochta na RA iad. Soláthraíonn sé seo ionad ilfhreastail soiléir agus údarásach chun rochtain éasca iontaofa a fháil ar na rabhaidh aimsire is déanaí d’oileán na hÉireann.
  • Is féidir mínithe rabhaidh a fháil anseo: https://www.met.ie/weather-warnings

 

Tionchair stoirmeacha/aimsir chrua

  • Is féidir le tomhas ama agus an suíomh de mhinicíocht aimsir fhoircneach cur isteach go mór ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an tsochaí agus/nó ar an ngeilleagar.
  • In aon imeacht aimsire ar leith, ní fhéadfaidh an leibhéal céanna aimsire a bheith ag gach láthair laistigh de limistéar rabhaidh.
  • Nuair atá aimsir chrua geallta, tá níos mó seans ann go mbeidh aimsir agus tionchar na haimsire ag na leibhéil ísle le feiceáil freisin. Is féidir leis na dálaí aimsire roimhe seo cur isteach go láidir ar chineál agus méid na dtionchar. Cuireann Met Éireann san áireamh na dálaí agus na tairseacha réamhaisnéise chomh maith le dálaí aimsire roimhe seo a d’fhéadfadh cur leis an leibhéal tionchair a bhfuiltear ag súil leis i gceantair áirithe agus rabhadh á eisiúint.

 

Faigh an réamhaisnéis is déanaí faoi dhálaí aimsire crua

  • Chun an réamhaisnéis is cruinne agus suas chun dáta do cheantar ar Oileán na hÉireann a fháil, téigh chuig met.ie.
  • Rabhaidh – Chun an chomhairle agus an rabhaidh aimsire is déanaí d’Éirinn a fháil téigh chuig: https://www.met.ie/warnings/today.
  • Tá na seirbhísí seo agus níos mó fós ar fáil ar ár n-aip Met Éireann, atá saor in aisce – ar fáil ón Aipmhargadh don iPhone agus ón Play Store le haghaidh Android.
  • Lean Met Éireann ar X, FacebookInstagram agus LinkedIn chun ábhar breise aimsire agus aeráide a fháil.
  • Éist leis an réamhaisnéis náisiúnta is déanaí ar ár bpodchraoladh (nuashonraithe trí huaire in aghaidh an lae, ar X) freisin.

 

Bí Ullamh don Gheimhreadh: Bí Ullamh, Fan Sábháilte agus bíodh a fhios agat cá bhfaighidh tú cabhair má theastaíonn sé uait

 

Le linn aimsir chiúin an fhómhair tá sé ciallmhar ullmhú le haghaidh stoirmeacha geimhridh agus aimsir chrua: “Bí Ullamh, Fan Sábháilte agus bíodh a fhios agat cá bhfaighidh tú cabhair má theastaíonn sé uait”, féach Bí Ullamh don Gheimhreadh (www.gov.ie)

 

Anailísíocht chainéil dhigiteacha Met Éireann le linn aimsir chrua

Sa lá atá inniu ann, tá feasacht níos airde ar rabhaidh aimsire trí na meáin shóisialta agus trí Raidió agus Teilifís thraidisiúnta. Tá an fheasacht seo curtha isteach i saol an phobail trí dhathchódú rabhaidh agus ag an gcomhpháirtíocht seo um ainmniú stoirme, ag comhlíonadh a phríomhchuspóir.
Roimh agus le linn stoirm ainmnithe, bíonn rannpháirtíocht ollmhór le láithreán gréasáin agus aip Met Éireann. Le 12 mhí anuas, bhí 686k úsáideoir ar aip Met Éireann agus osclaíodh é breis is 71 milliún uair. Déantar thart ar 500k cuardach réamhaisnéise in aghaidh na huaire gach lá ar aip Met Éireann agus ar ár suíomh gréasáin.

 

Fíor 3 – www.met.ie radhairc leathanaigh le linn stoirmeacha tionchair ó 2019 go dtí an lá inniu

Fíor 3 – www.met.ie radhairc leathanaigh le linn stoirmeacha tionchair ó 2019 go dtí an lá inniu

Le tuilleadh eolais nó deiseanna agallaimh le hurlabhraithe Met Éireann faoi Ainmneacha Stoirme 2024/25, déan teagmháil le do thoil le media@met.ie