Tá áthas ar Met Éireann foilsiú Ghlao ar Ollúnacht Taighde Aimsire agus Aeráide de chuid Met Éireann 2023, a fhógairt, atá dírithe ar acmhainn tallainne náisiúnta, straitéiseach agus cheannródaíoch ar fud an domhain a fhorbairt i réimse na seirbhísí aimsire agus aeráide.
Tugtar cuireadh d’Institiúidí Ardoideachais na hÉireann (IAÉnna) iarratais a chur isteach ar mhaoiniú agus tar éis próisis iomaíoch, lena n-áirítear piarmheasúnú idirnáisiúnta, roghnóidh Met Éireann IAÉ rathúil amháin chun post ceannaireachta acadúil sinsearach amháin nua sa bhreis a chruthú.
Tugtar cuireadh do na IAÉnna post a mholadh a thagann le cuspóirí straitéiseacha Met Éireann .
Go háirithe, táthar ag súil go ndíreoidh Ollúnacht Taighde Aimsire agus Aeráide de chuid Met Éireann ar fheidhm na heolaíochta ríomhaireachtúla, IS agus meaisínfhoghlama le raon ábhar lena n-áirítear samhaltú tuair uimhriúil aimsire le haghaidh seirbhísí bunaithe ar thionchar ilghuaiseach, samhaltú aeráide, seirbhísí aeráide agus feidhmeanna meitéareolaíochta, aeráideolaíochta agus hidreolaíochta ginearálta eile.
Tagann Ollúnacht Taighde Aimsire agus Aeráide Met Éireann faoi Chlár Taighde Aimsire agus Aeráide Met Éireann , atá mar bhonn faoin saineolas agus faoin eolas atá riachtanach chun go bhféadfar an cumas tuartha náisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fheabhsú go leanúnach i réimsí na haimsire, na haeráide agus na hidreolaíochta agus chun a chinntiú, go háirithe i gcomhthéacs na haeráide, go soláthraíonn aschuir taighde an fhianaise agus na huirlisí is gá chun beartas agus gníomhaíocht an rialtais a chur ar an eolas.
Dátaí
Spriocdháta an Ghlao : Déardaoin an 16 Márta 2023 ag 17:00.
Táthar ag súil le torthaí : R2/R3 2023.
More information
For more information, please visit Research Professorship Call 2023.
Contact
If you have any questions, please contact Met Éireann’s Research Funding Office by email to researchfunding@met.ie.