Breathnóireacht ar Aimsir Dhromchla – Fáil agus tráthúlacht
Baineann breathnóireacht ardchaighdeáin inrianaithe aimsire le cuid mhór de ghníomhaíochtaí Met Éireann.
Scaiptear tuairiscí aimsire reatha ó Met Éireann gach uair an chloig go hidirnáisiúnta, áit a gcuirtear san áireamh iad leis na mílte breathnóireacht dá macasamhail ó áiteanna ar fud an domhain. Cruthaíonn seo tuairim faoi staid reatha an atmaisféir trí iad seo go léir (agus saghsanna eile de bhreathnóireacht) a bhailiú. Is féidir le réamhaisnéiseoirí an tuairim seo agus samhlacha tuair uimhriúla aimsire a úsáid mar an bpointe tosaigh chun measúnú a dhéanamh ar conas is dóchúil a thiocfaidh forbairt ar phatrúin aimsire.
Ina theannta sin, gné bhunriachtanach is ea bunachar sonraí de bhreathnóireacht ar a ndéantar rialú cáilíochta a thógáil lena éascú staidéar a dhéanamh ar an aeráid roimhe seo agus amach anseo.
Léirítear ar na graif thíos feidhmíocht Met Éireann a bhaineann leis an bhfáil idirnáisiúnta atá ar bhreathnóireacht ar aimsir na hÉireann, anuas ar thráthúlacht na breathnóireachta seo
Ní bhíonn fáil, amanna, ar gach breathnóireacht aimsire gach uair an chloig do gach stáisiún Éireannach. Cé gurb annamh go dtarlaíonn mífheidhm, is minic go mbaintear stáisiúin ón líne le seirbhísiú, calabrú agus uasghrádú a dhéanamh. D’fhéadfadh ísliú teacht ar fheidhmíocht na fála dá bharr, faoi mar a fheictear sa ghraf thuas.
Déanann EUCOS (Córas Breathnóireachta Ilchodach EUMETNET) monatóireacht ar staitisticí faoi fháil agus tráthúlacht.
Ina theannta sin, leagann EUCOS na spriocanna Eorpacha amach sna graif thuas.
Cruinneas Tuartha
Déantar comparáid rialta idir réamhaisnéisí ónár samhail oibríochtúil HARMONIE-AROME agus breathnuithe ónár stáisiúin aimsire (a thaispeántar sa léarscáil thíos). Cuireann sé seo ar ár gcumas cruinneas ár réamhaisnéisí a mheas, agus cabhraíonn sé le taighde agus forbairt samhlacha a threorú.
Léiríonn na plotaí fíoraithe thíos cruinneas míosúil ár réamhaisnéisí don lá dár gcionn maidir le huasteocht agus íosteacht. Tagann na sonraí réamhaisnéise ónár samhail HARMONIE-AROME, a úsáidtear ansin chun na réamhaisnéisí pointe a ghiniúint a thaispeántar ar ár suíomh gréasáin agus ar ár n-aip móibíleach.