EDM - Staid na hAeráide Domhanda 2021 agus Aeráid na hÉireann 2021

Uasteorainn sáraithe do cheithre eochairchomhartha an athraithe aeráide in 2021 – an Ghinéiv, an 18 Bealtaine 2022 (EDM)

graphic stating the name of the report

source: WMO

Sáraíodh an uasteorainn do cheithre eochairchomhartha an athraithe aeráide in 2021 – tiúchan gás ceaptha teasa, ardú leibhéal na farraige, teas an aigéin agus aigéadú an aigéin. Is comhartha soiléir eile é seo go bhfuil gníomhaíochtaí daonna ag cruthú athruithe ar scála pláinéadach ar an talamh, san aigéan agus san atmaisféar, de réir na hEagraíochta Domhanda Meitéareolaíochta (EDM).

Príomhtheachtaireachtaí:

Bhain an tiúchan gás ceaptha teasa ardleibhéal domhanda nua amach in 2020, agus léiríonn sonraí ó shuímh ar leith gur choimeád siad ag ardú in 2021.
Bhí an mheánteocht bhliantúil dhomhanda in 2021 thart ar 1.11 ±0.13 °C os cionn mheánteocht réamhthionsclaíoch 1850-1900, níos fuaire ná roinnt blianta anuas de bharr dálaí fuaraithe La Niña ag tús agus deireadh na bliana. Is iad na seacht mbliana dheireanacha, 2015 go 2021, na seacht mbliana is teo ar taifead.
Sháraigh tonnta teasa neamhghnácha uasteorainneacha ar fud iarthar Mheiriceá Thuaidh agus na Meánmhara. Baineadh amach 54.4 °C i nGleann an Bháis, California ar an 9 Iúil, teocht a bhí cothrom le luach cosúil in 2020 mar an teocht is airde ar taifead ar domhan ó na 1930idí, agus baineadh amach 48.8 °C i Sioracús sa tSicil, taifead teochta sealadach nua don Eoraip.
Bhí teas an aigéin ag an teocht is airde ar taifead. Leanadh le téamh dhoimhneacht uachtarach 2000m an aigéin in 2021 agus táthar ag súil go leanfaidh an próiseas sin ar aghaidh sa todhchaí – athrú atá dochúlaithe ar amscálaí atá idir céad bliain agus mílaois ar fad.
Spreag tuilte caillteanas eacnamaíoch dar luach US$17.7 i limistéar Henan sa tSín, agus tharla roinnt de na tuilte is déine riamh in Iarthar na hEorpa i lár mhí Iúil. Bhí baint ag na tuilte sin le caillteanas eacnamaíoch sa Ghearmáin dar luach breis is US$20 billiún. Bhí triomach i mórán áiteanna ar domhan, Corn na hAfraice, Ceanada, iarthar na Stát Aontaithe, an Iaráin, an Afganastáin, an Phacastáin agus an Tuirc san áireamh.
Baineadh amach meánleibhéal mara domhanda nua in 2021, tar éis mhéadú de 4.5 mm sa mheán in aghaidh na bliana thar an tréimhse 2013-2021. Tuairisc iomlán anseo.

Global annual mean temperature difference from pre-industrial condi-tions (1850–1900) for six global temperature data sets (1850–2021).

Difríocht sa mheánteocht bhliantúil dhomhanda ó dhálaí réamhthionsclaíoch (1850–1900) le haghaidh sé thacar sonraí ar theocht dhomhanda (1850–2021).

Aeráid na hÉireann 2021

Teochtaí Os Cionn an Mheáin, Titim Báistí Faoin Meán
Tá an méid seo a leanas sna Torthaí Sealadacha:
Ba é 10.51 °C an mheánteocht aeir bhliantúil shealadach, teocht atá 0.96 °C os cionn Mheánleibhéal Fadtéarmach (MLFT) 1961-1990.
Is é 2021 an 8ú bliain is teo i dtréimhse 122-bliain (ó 1900).
Tharla dó dhéag as fiche de na blianta is teo in Éirinn ó 2002 i leith.
Is é 2007 an bhliain is teo fós le 10.77 °C, teocht atá 1.22°C os cionn MLFT 1961-1990.
Thaifead 14 stáisiún shionoptacha tonnta teasa idir an 16 Iúil agus an 25 Iúil 2021, le 6 stáisiún ag tuairisciú tonnta teasa a mhair 10 lá i ndiaidh a chéile.
Ar an 21 Iúil 2021, thaifead Ionad Breathnóireacht Dhairbhre, Co. Chiarraí an chéad oíche theochriosach in Éirinn le 20 bliain anuas (oíche nach dtiteann an teocht faoi bhun 20°C thar thréimhse 24 uair an chloig).

Provisional Long Series Temperature Anomalies for Ireland. Long term aver-age (LTA) period 1961-1990.

Sraith Fhada Aimhrialtachtaí Teochta Sealadacha d’Éirinn. Tréimhse meánleibhéil fhadtéarmaigh (MLFT) 1961-1990.

Ba é 95% de MLFT 1981 – 2010 an titim báistí ghreillithe shealadach d’Éirinn.
Ba í an bhliain ba thirime ó 2010 í sa Ghoirtín, Co. Thiobraid Árann agus i gCionn Mhálanna, Co. Dhún na nGall. Ba í an bhliain ba thirime ó 2011 í ag Páirc an Fhionnuisce, Co. Bhaile Átha Cliath.
Bhí 45 tréimhse thirim chlíomeolaíochta ar leith in Éirinn in 2021 (Chun tuilleadh eolais ar aimsir agus aeráid roimhe seo in Éirinn a fháil, sainmhínithe ar thréimhsí tirime san áireamh, féach Ráitis Aimsire Roimhe Seo).
Ainmníodh 5 stoirm in 2021 (trí cinn díobh a chuaigh i bhfeidhm ar Éirinn), 8 in 2020, 7 in 2019, 11 in 2018, 7 in 2017, agus 8 in 2016 (Chun tuilleadh eolais ar stoirmeacha roimhe seo a bhí ann le déanaí a fháil, féach an tIonad Stoirme).

Provisional monthly gridded 2021 rainfall (%) for Ireland on a monthly basis

Titim báistí ghreillithe mhíosúil shealadach 2021 (%) d’Éirinn ar bhonn míosúil